Tá an curaclam eagraithe sa chaoi is go bhfuil raon rogha ar fáil ach ag an am céanna déanfar cinnte go bhfuil cúrsa teagaisc cothromaithe ann. Tá sé struchtúraithe sa chaoi is go n-oirfidh sé do dhaltaí le h-éagsúlacht cumas.
Beidh clár sé bliana ar fáil do dhaltaí sa scoil ina chuimsítear sraith shóisearach trí bliana a bhfuil an teastas sóisearach mar ceann scríbe aici, Idirbhliain, agus sraith shinsearach 2 bhliain go dtí an ardteistiméireacht. D’fhéadfadh an rogha a bheith ag daltaí GCAT atá ina ábhar breise leis an Ardteistiméireacht seanbhunaithe nó ATF atá ina chúrsa Ardteistiméireachta malartach. Beidh na roghanna sin ag braith ar éileamh.
Tá athruithe ar siúl sa tsraith shóisearach. Cuirfear tús leo in 2014 leis an siollabas Béarla. Ba cheart go mbeadh n córas nua i bhfeidhm in 2022. Tá athruithe bunúsacha ann maidir leis an curaclam, le stíleanna foghlama agus measúnaithe agus le raon na n-ábhar a ndéanfar staidéar orthu.
Chun tuilleadh eolais a fháil gliogáil ar an nasc seo
Sraith Shóisearach
Déanfaidh gach dalta staidéar ar na hábhair a leanas sa chéad bhliain:
Ag teacht le treoirlínte don tsraith shóisearach nua déanfaidh na daltaí staidéar ar 10 n-ábhar don tsraith shóisearach.
Déanfar roghanna ar ábhair trí chomhairleoireacht le daltaí agus le tuistí ag deireadh na chéad bhliana.
Eagraítear ranganna ar bhonn chumais mheasctha in ár gcoláiste. Is ranganna measctha iad gach rang don chéad bhliain. Spreagfar na daltaí chun gach ábhar a dhéanamh ag an leibhéal atá oiriúnach dá gcumais.
Déanfar an cinneadh maidir leis an leibhéal is oiriúnaí do gach dalta trí phlé idir an dalta ,na tuismitheoirí agus an múinteoir. Bunófar an cinneadh ar:
An taifead ar obair ranga agus obair bhaile déanta le linn na chéad bhliana agus an dara bliain.
Féadann daltaí an cúrsa Ardleibhéil nó Gnáthleibhéil a dhéanamh i gcomhthéacs meascán Cumais.
Má tá breis tacaíochta de dhíth ar do mhac nó d’iníon mar gheall ar dheacrachtaí teanga nó deacrachtaí foghlama, cuir an scoil ar an eolas le do thoil. Má fuair sé/sí a leithéid de thacaíocht agus iad sa bhunscoil nó má tá tuairisc ann ó mheasúnuithe a rinneadh ag aois na bunscolaíochta, d’fhéadfadh sé sin a bheith ina chabhair dúinn chun clár achur ar bun dóibh chun barr a gcumas a bhaint amach.
D’fhéadfadh tacaíocht a thairiscint do dhaltaí ar bhonn aonair nó i ngrúpaí beaga.
Tá aonad NSU a fhorbairt ag an scoil a n-osclófar é i gceann dhá bhliain.
D’fhéadfadh múinteoirí tacaíocht foghlama a bheith in éineacht le daltaí sa rang nuair atá tacaíocht sa rang ag teastáil agus cuirfear múinteoirí foirne ar fáil nuair atá sé indéanta.
Téigh i dteagmháil linn má tá buairt ar bith agat i dtaobh seo.
Méid na Ranganna Ní bhíonn níos mó na 30 dalta in aon ghrúpa ranga i gcás na n-ábhar acadúil. Ní bhíonn níos mó ná 24 dalta in aon ábhar praiticiúil agus tá uas mhéad 20 dalta sna ranganna tíosa.
The curriculum is arranged in such a way as to provide for an area of choice, while at the same time ensuring a balanced course of instruction. It is structured to cater for students of varying abilities.
The school will provide students with a six year programme comprising of a three year Junior Cycle, leading to the Junior Certificate Examination, a Transition Year and a two year Senior Cycle leading to the Leaving Certificate Examination. Students may also have the option of completing LCVP which is an additional subject to the established Leaving Certificate and LCA which is an alternative Leaving Certificate course, depending on the demand.
Changes are taking place at Junior Cycle. These are starting in 2014 with the English syllabus . The new regime should be fully in place in 2022. There are fundamental changes to the curriculum, learning and assessment styles and range of subjects to be studied.For more information click on the following link.
All students will study the following subjects in first year:
In line with the new Junior cycle guidelines students will take 10 examination subjects for Junior Cycle.
Options will be decided on consultation with students and parents at the end of first year.
In our college classes are organised on a mixed ability basis. All classes are mixed for all subjects in first year. Students will be encouraged to take all subjects at the level appropriate to them.
The decision about the most appropriate level for each student is made by the student, teacher and parent. This decision will be based on
Students may take Higher level or Ordinary level in all subjects while learning in a mixed ability setting.
If your son/daughter needs extra support due to language or learning difficulties, please let us know. If they were in receipt of such support in Primary school or if they have a report from assessments at primary school age it can help us to design a programme for them to help them achieve their potential.
Support may be offered to students either individually or in small groups.
The school is developing an ASD unit which should open in the next two years.
Learning Support teachers may also accompany students to a class where they need in class support and team teachers will be provided where possible.
Please contact us if you have any concerns of this nature.
Academic classes do not exceed 30 students in any one class group. Practical subjects do not exceed 24 students in any group, and Home Economics classes do not exceed 20 students.