•   Naul Road, Balbriggan, Co. Dublin
  •   01 8416269
  •   runai@cgnm.ie
 
  • Register
 
Login
   Search
en-GBga-IE
VSware  |   Office 365
Colaiste Ghlor na Mara
  • Baile
  • Nuachtlitir
  • Gaeilge
  • Nuacht
  • Ár Scoil
    • -Culra
    • -Eiteas
    • -Suiomh
    • -Droichead
    • -Erasmus+
    • -Feilire
    • -An Ceaintín
  • Foghlaim
    • -Comhphairtiocht
      • --Gealltanas Dalta
      • --Gealltanas Tuisti
      • --Gealltanas Muinteora
    • -An tSraith Shóisearach Nua
    • -Curaclam na Scoile
    • -Eolas ar MCF
    • -Riachtanas
    • -Strateis Litearthachta agus Uimhireachta
    • -An tSraith Shoisearach
    • -An Idirbhliain
    • -Follánacht
    • -Gairmthreoir
  • Pobal na Scoile
    • -Patrun
    • -Foireann
    • -Comhairle na dTuismitheoiri
    • -Bord Bainistiochta
  • Polasaí Scoile
    • -Polasaithe
    • -Foirm Claruchain
  • Féinmheastóireacht Scoile
  • Seach Churaclaim
  • Teagmhail linn/Contact us
  • Pictiúir
  • TUISTÍ/PARENTS

Pictiúir d'imeachtaí Gaeilge

Gaeilge i nGaelcholáiste Ghlór na Mara

Tá an Ghaeilge fíor-thábhachtach inár scoil. Is í phríomhtheanga na scoile í agus is rud í ar mhaith linn a spreagadh, a chaomhnú agus a shaibhriú i saol na scoile. 

Tá Coiste Gaeilge ag feidhmiú sa scoil agus tacaíonn siad le cur chun cinn na Gaeilge ar ghach gné den saol scoile. Casann an Coiste Gaeilge le chéile ar a laghad uair sa mhí agus déantar plé ar imeachtaí scoile, imeachtaí eischuraclaim agus pobal Gaeilge na Scoile. Bionn gach rud idir  pholasaí Ghaeilge na scoile, an Teastas Shóisearach Gaeilge agus faoi cheartú na Gaeilge ar fud fad na scoile á phléigh againn. 

Bíonn go leor imeachtaí ar siúl sa scoil agus is é an Gaelbhratach ceann de na scéimeanna atá ar siúl sa scoil chun an Ghaeilge a nascadh isteach le himeachtaí eischuraclam agus le himeachtaí lárnach na scoile. Tá an bratach bainte amach againn cheana féin agus is rud bliantúil é agus tá orainn a bhaint amach arís i mbliana. Is de réir a chéile a thógtar na caisleáin agus mar chuireann muid i bhfeidhm mana an Ghaelbhrataí 'Feasacht Teanga: is línne í', ní bheimid i bhfad ag ceiliúradh ár stór. 

Nuacht Gaeilge na Scoile

Bronnadh an Gaelbhratach 2018 - Dé Céadaoin 23 Bealtaine 2018
Comhghairdeas leis an Coiste Gaelbhratach a bhailigh an dara bratach i mbliana don scoil. Bhí lá mór ann i ráschúrsa an liopaird le Gael Linn, Seo Linn agus Conradh na Gaeilge. Bhain na scoláirí an-taitneamh as agus chan ceann dár scoláirí os comhair an slua, ghlac triúr eile i gcluichí spóirt, giolcaireacht agus  in amhrán na gcupán ar an lá. Maith sibh! 
Préasráiteas Feachtas do na Bochtáin - Déardaoin 22 Márta 2018

Seo preásráiteas faoin Feachtas do na Bochtáin atá an Gaelbhratach ag eagrú ar scoil. Brú ar an cnaipe 'Read more'.

 read more ...
Préas Ráiteas Gaelbhrataí SNAG - Dé Luain 12 Márta 2018
Dia dhaoibh,
Ta seachtain na Gaeilge anseo agus seo an plean atá againn don seachtain!!
Brúigh an nasc ceangailte don plean iomlán!!! Míle buíochas an Coiste Gaelbhrataí



 read more ...
Maidin Caife agus Ardú an Bhratach - Dé Domhnaigh 28 Eanáir 2018

Bhí lá iontach againn ar an Aoine nuair a bhí ceiliúradh mór againn sa scoil. D'éagraigh an Coiste Gaelbhratach Maidin Caife do Thuismitheoirí agus go daltaí na scoile. Bhí maidin caife den chéad scoth againn agus bhailíomar 267e le haghaidh imeachtaí SNAG. Bhí ócáid áláinn againn lasmuigh ansin nuair a ndeachaigh gach duine taobh amuigh agus bhí Óráid againn ón bPríomhoide, léigh cathaoirleach an Choiste Ghaelbhratach amach fís an choiste don Ghaeilge, agus léi baill eile amach dán i nGaeilge. Ansin d'ardaigh an leas-chathaoirleach agus an cathaoirleach an bhratach in airde. Bhí amhránaíocht ann ansin.  Bhí ceol den scoth le cloisteáil ansin laistigh san Atrium. Bronnadh na teastais Gaeilge 24 ar na daltaí chomh maith. Is ócáid iontach a bhí ann agus tá an coiste Gaelbhratach fíor bhuíoch as an tacaíocht ar fad a fuaireamar ar an lá. Feasacht Teanga: Is Linne í. 

 
Scléip 2017 - Dé hAoine 1 Nollaig 2017

Ghlac daltaí ón chéad, triú agus an ceathrú bliain páirt sa chomórtas Scléip i mbliana. Rinne an grúpa amháin darbh ainm 'Míolta Móra ar an Trá' páirt san amhránaíocht comhaimseartha le huasdhátú ar an 'Ócam an Phríosúin. Chan an triú bliain amhrán aistrithe go Gaeilge  Uptown Func agus 'You lips are Moving'. Níor d'éirigh linn buachaint an géabh seo ach bhí lá iontach ag na daltaí. Beidh lá  eile ag an bpaorach. 

 
An Gaelbhratach! - Déardaoin 30 Samhain 2017

Bua na Gaeilge

Bhailigh Coiste an Ghaelbhrataí an bratach álainn corca sin a léiríonn don domhan mór inár thimpeall gur seoid luachmhar í an Ghaeilge dúinn i gColáiste Ghlór na Mara.

Is cúis bróid é agus bhí lá spraoiúil ag na scoláirí i mBaile an lobhar inné ag bailiú an bhratach ó Gael- Linn. Bhí Eoin Mac Diarmada, Seo Linn agus Cliona ní Chíosáin ann agus fuair na scoláirí seans pictiúr a fháil leo, damhsa le ceol iontach agus cairde nua a dhéanamh as scoileanna eile. Fuair na scoláirí féiríní beaga chomh maith mar dhuaiseanna.

Tá níos mó pictiúir  den lá ar an nasc Pictiúir. Comhghairdeachas libh Coiste Gaelbhrataí Coláiste Ghlór na Mara.

 
Gaeilge 24 - Dé hAoine 24 Samhain 2017

D'éirigh go hiontach le Gaeilge 24 sa scoil nuair a d'eagraigh an Gaelbhratach imeachtaí ar nós Tráth na gCeist, Comórtas Postaeir agus Biongó Bliana. Bhí slua ollmhór páirteach ann. Nach deas iad na T-léinte! Seo buaiteoirí an Tráth na gCeist. Tá níos pictiúirí ar flicker na Scoile.


 

Gaeilge na Seachtaine

Minimize
Gaeilge na Seachtaine 4ú - 8ú Meán Fómhair 2017 - Déardaoin 7 Meán Fómhair 2017

Mo thaisceadán

An bhfuil cead agam dul chuig mo thaisceadán le do thoil?

My Locker

May I go to my locker please?

 
Seachtain 9 - Dé Máirt 25 Aibreán 2017

Sheasfainn sa sneachta ag éisteacht leis

I would stand in the snow listening to him

 
Seachtain 9 - Dé Céadaoin 5 Aibreán 2017

Chuirfeadh sé fionnadh ar do bhrollach

It would put hair on your chest

 
Seachtain 8 - Dé Céadaoin 8 Márta 2017

Tá mé ag dul isteach, tá mé istigh

Mícheart: Tá mé isteach

 
Seachtain 7 - Dé Luain 27 Feabhra 2017

Tá mé ag dul amach, tá mé amuigh

Mícheart: Táim amach

Translation: I'm going out, I am out.

 
Seachtain 5 - Dé Luain 13 Feabhra 2017

Ní dhearna mé é.

Mícheart: Ní rinne mé é

Translation: I didn't do it. 

 
Seachtain 4 - Dé Céadaoin 8 Feabhra 2017

Tá sé ag doirteadh báistí

Translation: It's pouring rain

 
Seachtain 3 - Dé Luain 23 Eanáir 2017

O a dhiabhail, ó a mhaighdean

Mícheart: Ó mo dhia

 
Seachtain 1 - Dé Luain 23 Eanáir 2017

Ní mise a bhí ann!

Mícheart: Ní raibh sé mise

 
Seachtain 2 - Dé Luain 23 Eanáir 2017

Ní raibh mé in ann éirí as an leaba

Mícheart: Ní raibh mé in ann fáil as an leaba

 
Seachtain 2 - Dé Luain 16 Eanáir 2017

Ní raibh mé in ann éirí as an leaba

Mícheart: Ní raibh mé in ann fáil as an leaba

 

Imeachtaí Gaeilge sa scoil

Lá Geansaithe na Nollag - Dé hAoine 22 Nollaig 2017

D'éagraigh an Gaelbhratach lá Geansaithe na Nollag agus bhailíomar airgead ar shon na bochtain. Bhí lá iontach againn agus bhí feistís agus cumadh iontach ar gach duine. Míle buíochas do ghach duine a ghlac páirt!

 
Gaeilge 24 - Déardaoin 30 Samhain 2017

D'eagraigh an Coiste Gaelbhratach Gaeilge 24 agus ghlac 75 dalta páirt ann. Bhí lá ar siúl ar an Aoine agus bhí na daltaí a ghlac páirt ag déanamh imeachtaí ar nós tráth na gCeist, Postaeir, Biongó agus Drámaíocht. Bhí an craic naocha agus ní hamháin sin bhí gach duine chomh sásta lena T- léine agus banda! Feasacht Teanga: Is linne í!

 
Ciorcal Gaeilge - Dé Céadaoin 31 Bealtaine 2017
An Club Gaeilge: Ag baint sult as an ngrian, Cailc agus an Ghaeilge
Casann an grúpa seo le chéile gach seachtain faoi chúram Múinteoir Niamh agus bíonn rudaí éagsúla ar siúl acu ar nós bácáil, cluichí teangan, ceol Gaeilge, Postaerí, agus go leor eile.

Bhain an grúpa an- sult as scríobh teachtaireachtaí agus pictiúir a tharraingt leis an gcailc an seachtain seo #gaeilgeabú
Pictiúir read more ...
Copyright (c) 2021 Colaiste Ghlor na Mara : Terms Of Use : Privacy Statement
Copyright (c) 2021 Colaiste Ghlor na Mara : Terms Of Use : Privacy Statement