I gColáiste Ghlór na Mara, creidimid go daingean go mbaineann oideachas ní hamháin le hábhair acadúla, ach le cúrsaí seach-churaclaim leis. Chun an cur chuige iomlánaíoch seo a bhaint amach ar son na daltaí, beidh an pobal scoile ag cur imeachtaí agus cumainn éagsula ar bun, ina measc tá:
- Cumann Peile le Múinteoirí Fiachra, Philip , Michelle agus Niamh, tarlaíonn sé seo tar éis scoile ar an Déardaoin.
- Cumann leabharlainne le Múinteoirí Michelle agus Niamh. Osclaíonn an leabharlann gach am lóin beag agus is féidir leabhair a thógáil ar iasacht.
- An Coiste Gaelbhratach le Múinteoirí Niamh & Fiachra. Déantar plé agus forbairt gach Céadaoin ar an bplean atá againn an Ghaeilge a chur chun cinn sa scoil. Tá ár mbratach ag crochadh ós comhair na scoile ón 26ú Eanair 2018. Fuaireamar an dara ceann i mí Bealtaine 2018.
- An Cumann Cispheile: Múinteoir Katie: Casann an grúpa seo le chéile gach Déardaoin ag am lóin. Bíonn cluichí go rialta acu freisin.
- Club Díospóireachta: Múinteoirí Niamh & Fiachra: Ghlac an scoil páirt i nDíospóireachtaí Uí Chadhain agus bhí dhá ghrúpa páirteach ann. Rinne grúpa eile díospóireacht ar an Oíche oscailte.
- Ceol/ Cór le Múinteoir Siobhán agus Príomhoide Maedhbh, bíonn daltaí ag cleachtadh a gcuid scileanna ceolmhara le linn am lóin gach Máirt.
- Cumann Eolaíochta (Féile Sci Fi) Bíonn Múinteoirí Bláithín agus Carly i mbun seo. Déanann na daltaí trath na gCeist, turgnaimh agus plé ar thuairimí agus teicníochtaí Eolaíochta.
- Cumann Badmantain le Múinteoirí Cian & Caoimhe. Casann an grúpa seo le chéile go rialta agus déanann siad cleachtadh ag am lóin.
Tugann na imeachtaí thuas-luaite deis do na daltaí cur lena gcuid suimeanna agus láidreachtaí pearsanta, agus d'bfhéidir cinn nua a ghinneadh iontu leis, tá súil againn!